FAOI CHEILT
Heron is ea é, a deir tú,
ag síneadh méire
le taobh eile na habhann.
Ritheann sé liom
gur ainm é sin
nár chualas riamh
laethanta na hóige
san oirdheisceart.
Come quick!
See the coreesk!
a ghlaodh mo sheanmháthair.
Rithimis féachaint
tríd an bhfuinneog chúil
amach ar an riasc
mar a mbíodh sí ag faire
go haireach i measc luachra.
Bhí sí ann ceart go leor –
an chorr réisc,
amhail an tseanteanga,
ar leathchois,
faoi cheilt, beagnach.
(Ré na n- Úll, Coiscéim 2019)
Poems
Ag an Slab ThuaidhMarch 24, 2022 - 6:12 pm
Prophecies: EdenvaleMarch 24, 2022 - 5:48 pm
FAOI CHEILTMarch 30, 2018 - 10:06 am
COPÓGMarch 29, 2018 - 10:05 am
Golden BoughsMarch 27, 2018 - 9:53 am
The Visiting Cat Discovers Sean-NósMarch 26, 2018 - 10:11 am
The Bees in the PrivetMarch 26, 2018 - 10:09 am
Fantastic LightMarch 26, 2018 - 10:04 am
EquinoxMarch 26, 2018 - 10:01 am
HerringMarch 22, 2018 - 10:07 am
Contact
Fill in the form below to contact me.