Ar scoil ní dheachaigh siad,
mar a dúradar féin –
beyond the seventh book.
D’ainneoin sin,
is gan fhios dóibh féin,
dream ilteangach
ab ea an ghlúin sin –
táilleog, minigower,
buachalán, fútar,
dishabills, geescóg,
púca, clock…
Corrfhocail,
iad tagtha faoi thír,
mar raic mhara ón am atá thart,
iad ag úscadh tríd an mBéarla,
is chomh maith leis an nGaeilge,
anáil na nAngla-Normannach
agus anáil Chromail ina measc,
corrfhocail, iad ag impí
nach ndéanfaí dearmad.