COPÓG
‘Neantóg a dhóigh mé agus copóg a
leighis mé’
1.
lus beatha, lus na tine,
lus buí Bealtaine, sabhaircín,
lus na gaoithe, plúirín sneachta,
coinnle corra, crúibín cait;
féithleann, créachtach, airgead luachra,
duilleog Bhríde, méirín sí,
plúr na gréine, léine Mhuire,
cailleach dhearg, lus cré garraí;
bainne bó bleachtáin, drúchtín móna,
lus na seabhac, lus na gealaí,
lus coise gé, lus an óir,
lus síoda, coigeal na mban sí.
2.
lus an Ghaill,
lus mhic Rí,
plúr an Phrionsa,
lus na bhfear gonta,
Rós;
cuach Phádraig, lus an tsagairt,
lus an easpaig,
lus an chairdinéil,
lus gan athair gan mháthair;
lus an chromchinn, lus an ghrá,
lus croí, lus míonla,
lus na ndeor.
(Ré na n-Úll, Coiscéim 2019)
Poems
Ag an Slab ThuaidhMarch 24, 2022 - 6:12 pm
Prophecies: EdenvaleMarch 24, 2022 - 5:48 pm
FAOI CHEILTMarch 30, 2018 - 10:06 am
COPÓGMarch 29, 2018 - 10:05 am
Golden BoughsMarch 27, 2018 - 9:53 am
The Visiting Cat Discovers Sean-NósMarch 26, 2018 - 10:11 am
The Bees in the PrivetMarch 26, 2018 - 10:09 am
Fantastic LightMarch 26, 2018 - 10:04 am
EquinoxMarch 26, 2018 - 10:01 am
HerringMarch 22, 2018 - 10:07 am
Contact
Fill in the form below to contact me.